Avatar

An Triail, Gníomh 2, Radharc 7

Sentence Scramble Worksheet

Kindly Shared By:

Country Flag Ireland

Date Shared: 23 September 2024

Worksheet Type:

Tags Describing Content or Audience:

Worksheet Instructions:

None provided.

Target Language or Knowledge:

I é seo an radharc is truamhéalaí ar fad sa dráma. Le teann éadóchais maraíonn Máire í féin agus an leanbh a raibh an oiread sin grá aici di. Cé gur duine dílis, seasmhach, diongbháilte í, bhí sí chomh briste brúite sin ag fealltacht Phádraig gur chaill sí smacht uirthi féin ar fad. Ní fhéadfadh si maireachtáil a thuilleadh i ndomhan a bhí chomh cruálach sin. Ní raibh dóchas ar bith aici. Níor thig léi leanúint ar aghaidh. Ní hamháin sin, ní ligfeadh sí dá leanbh maireachtáil i ndomhan den chineál sin. Níor theastaigh uaithi go dtiocfadh sí faoi anáil na bhfear. Ní bheadh aon rud i ndán di ach brón agus briseadh croí. Níl dabht ar bith faoi chúis a báis — fealltacht na bhfear agus fimíneachas na sochaí. Ar ndóigh, chuir idirdhealú, cruas agus easpa carthanachta an phobail trí chéile leis an tragóid.

Discussion Be the first to comment about this worksheet.

Avatar

23 September 2024

dcor1990 Author Country Flag

Please log in to post a comment.

Published by Quickworksheets


To claim that this member-shared worksheet infringes upon your copyright please read these instructions on submitting a takedown request.