Avatar

JC gnáth, 24 sraith pic

Sentence Scramble Worksheet

Kindly Shared By:

Country Flag Ireland

Date Shared: 24 September 2024

Worksheet Type:

Tags Describing Content or Audience:

Worksheet Instructions:

None provided.

Target Language or Knowledge:

Bhí mé sa bhaile inné. Fuair mé glao fóin ó Mháire. D’iarr sí orm dul ag múitseáil amárach. Bhí áthas an domhain orm. Ghlac mé leis an gcuireadh. Bhuail mé le Máire os comhair na scoile ag a haon a chlog. Bhí an ghrian ag scoilteadh a gcloch. Fuaireamar an traein go dtí an chathair. Bhí mé ar mhuin na muice. Chuamar go dtí an siopa ceoil. Bhain mé an-taitneamh as an gceol. Bhí mé agus Máire ag éisteacht le ceol. Ansin, thugamar aghaidh ar an mbialann. D’ól mé cupán tae agus d’ith mé ceapaire. Bhí an bia an-bhlasta. Go tobann, shiúil an múinteoir Gaeilge isteach sa bhialann. Bhí sí ar buile. D’iarr sí orainn cén fáth nach rabhamar ar scoil. Bhí mé ag crith le heagla. Bhíomar i dtrioblóid mhór. Chuaigh mé agus Máire ar ais ar scoil ar nós na gaoithe. Bhí cruinniú againn leis an bpríomhoide agus lenár dtuismitheoirí. Bhíomar i dtrioblóid arís agus ní mó ná sásta a bhí sé. Bhí deargfhearg ar mo mham agus mo dhaid. Bhí orm fanacht siar tar éis scoile go dtí a leathuair tar éis a cúig. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an lá sin go deo.

Discussion Be the first to comment about this worksheet.

Avatar

24 September 2024

dcor1990 Author Country Flag

Please log in to post a comment.

Published by Quickworksheets


To claim that this member-shared worksheet infringes upon your copyright please read these instructions on submitting a takedown request.